English
26th Amendment of the Constitution Bill 2002 (Treaty of Nice) 19-October-2002
<%@ Language=VBScript %>
| 1. |
An Bille um an Séú Leasú is Fiche ar an mBunreacht,2002 (Conradh Nice) is e ata beartaithe leis an mBille na
fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt 6 d'alt 4 d'Airteagal
29
| |
7° |
Tig leis an Stát Conradh Nice ag leasú an Chonartha ar an Aontas
Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach
agus Ionstraimí gaolmhara áirithe, a síníodh in Nice an 26ú lá
d'Fheabhra, 2001, a dhaingniú.
|
| |
8° |
Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a
shocraítear le hAirteagail 1.6, 1.9, 1.11, 1.12, 1.13 agus 2.1 den
Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7 den alt seo nó fúthu ach
beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh
ré ó dhá Theach an Oireachtais.
|
| |
9° |
Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle
Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun Airteagal 1.2
den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7 den alt seo i gcás ina
mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin.
|
|
Achoimre ar an Toradh
| Toghthóirí: |
2,923,918 |
| Vótaíocht Iomlán: |
1,446,588 |
| Céatadán Vótaíochta: |
49.47% |
| Vótaí i bhfábhar an mholta: |
906,317 |
| Vótaí in aghaidh an mholta: |
534,887 |
| Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
5,384 |
Cliceáil anseo chun íoslód an leabhrán ar fad, "I dteideal íorthaí an Reifreann 1937 – 2012" (598KB), i bhformáid PDF.
Back to main list