Referendum on the Lisbon Treaty (2009) (Twenty-Eighth Amendment of the Constitution Bill, 2009)


Is é atá beartaithe leis an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Conradh Liospóin) 2009-

(a) na fo-ailt seo a leanas a chur isteach in alt 4 d’Airteagal 29 den Bhunreacht:

“4° Dearbhaíonn éire a tiomantas i leith an Aontais Eorpaigh ar laistigh de a oibríonn ballstáit an Aontais sin le chéile chun an tsíocháin, comhluachanna agus leas a bpobal a chur chun cinn.
5° Tig leis an Stát Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13ú lá de Nollaig 2007 (“Conradh Liospóin”), a dhaingniú agus tig leis a bheith ina chomhalta den Aontas Eorpach a bhunaítear de bhua an Chonartha sin.
6° Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an Stát roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, ar theacht i bhfeidhm dó nó tar éis teacht i bhfeidhm dó, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach dá dtagraítear i bhfo-alt 5° den alt seo nó den Chomhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach, a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac-
i an tAontas Eorpach sin nó an Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach nó institiúidí den chéanna,
ii na Comhphobail Eorpacha nó an tAontas Eorpach a bheidh ar marthain díreach roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, nó institiúidí den chéanna, nó
iii comhlachtaí atá inniúil faoi na conarthaí dá dtagraítear san alt seo,
ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.
7° Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú-
i a bhfuil feidhm ag Airteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann le comhar feabhsaithe maidir leo,
ii faoi Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gconradh sin agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (ar a dtugtaí an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh), agus
iii faoi Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na héireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal amhlaidh, lena n-áirítear an rogha go scoirfidh an Prótacal sin Uimh. 21, go hiomlán nó go páirteach, d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Stát,
ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.
8° Tig leis an Stát aontú leis na cinntí, leis na rialacháin nó leis na gníomhartha eile arna ndéanamh-
i faoin gConradh ar an Aontas Eorpach agus faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á údarú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh gníomhú ar shlí seachas d’aontoil,
ii faoi na conarthaí sin lena n-údaraítear an gnáthnós imeachta reachtach a ghlacadh, agus
iii faoi fhomhír (d) d’Airteagal 82.2, faoin tríú fomhír d’Airteagal 83.1 agus faoi mhíreanna 1 agus 4 d’Airteagal 86 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais,
ach beidh aontú le haon chinneadh, rialachán nó gníomh den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.
9° Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun Airteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach i gcás go mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin.’,

(b) an téacs seo a leanas a scriosadh as an gcéad abairt d’fho-alt 3° d’alt 4 d’Airteagal 29 den Bhunreacht:

‘den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh i bPáras an 18adh lá d’Aibreán, 1951), de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh insan Róimh an 25adh lá de Mhárta, 1957) agus’,

(c) an dara habairt den fho-alt sin 3° a scriosadh, agus

(d) fo-ailt 4°, 5°, 6°, 7°, 8°, 9°, 10° agus 11° d’alt 4 d’Airteagal 29 den Bhunreacht a scriosadh.

Cliceáil anseo chun an leabhrán dar teideal, “I dteideal íorthaí an Reifreann 1937 – 2015” a íoslódáil i bhfoirm PDF. Áirítear ann gach toradh deiridh reifrinn.

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 3,078,032
Vótaíocht Iomlán: 1,816,098
Céatadán Vótaíochta: 59%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 1,214,268
Vótaí in aghaidh an mholta: 594,606
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 7,224