Reifreann ar an mBille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023

Fiafraítear díot sa reifreann seo an aontaíonn tú leis an togra—

chun an t-alt seo a leanas a scriosadh as Airteagal 41 den Bhunreacht:

“2 1° Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.
2° Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.”

agus

chun an tAirteagal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 42A den Bhunreacht:

“Cúram
Airteagal 42B
Admhaíonn an Stát go dtugtar taca don Chomhdhaonnacht, ar taca é nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais, de bhíthin cúram a bheith á thabhairt ag daoine de theaghlach dá chéile toisc na snaidhmeanna atá eatarthu, agus beidh an Stát ag dréim le tacú leis an gcúram sin a thabhairt.”

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 3,438,566
Vótaíocht Iomlán: 1,525,005
Céatadán Vótaíochta: 44.35%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 393,053
Vótaí in aghaidh an mholta: 1,114,404
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 17,548