Fiafraítear díot sa reifreann seo an aontaíonn tú leis an togra—
chun fo-alt 1° d’Airteagal 41.1 den Bhunreacht a leasú trí “, bíodh sé bunaithe ar an bpósadh nó ar chóngais bhuanfasacha eile,” a chur isteach i ndiaidh “an Teaghlach”, ionas go bhforálfaí leis an bhfo-alt mar a leanas:
“1° Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach, bíodh sé bunaithe ar an bpósadh nó ar chóngais bhuanfasacha eile, is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.”
agus
chun an fo-alt seo a leanas a scriosadh as Airteagal 41.3 den Bhunreacht:
“1° Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.”
agus an méid seo a leanas a chur in ionad an fho-ailt sin:
“1° Gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an Phósta agus é chosaint ar ionsaí.”
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: | 3,438,566 |
Vótaíocht Iomlán: | 1,525,215 |
Céatadán Vótaíochta: | 44.36% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: | 487,564 |
Vótaí in aghaidh an mholta: | 1,021,546 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: | 16,105 |