Táthar ag fiafraí díot, an aontaíonn tú leis an togra, sa reifreann seo –
(a) | an alt seo a leanas a scriosadh as Airteagal 41.3.2° den Bhunreacht: |
“i | ar dháta thionscnamh na n-imeachtaí, gur chónaigh na céilí ar leith óna chéile ar feadh tréimhse de cheithre bliana ar a laghad le linn na gcúig bliana seo a chuaigh thart, nó ar feadh tréimhsí ceithre bliana ar a laghad, |
(b) | an alt seo a leanas a scriosadh as Airteagal 41.3 den Bhunreacht: |
“3° | I gcás pósadh duine ar bith a scaoileadh faoi dhlí shibhialta aon Stáit eile agus an pósadh sin, agus bail dlí air, a bheith ann fós faoin dlí a bheas i bhfeidhm in alt na huaire taobh istigh de dhlínse an Rialtais agus na Parlaiminte a bhunaítear leis an mBunreacht seo, ní fhéadfaidh an duine sin pósadh ar a mbeadh bail dlí a dhéanamh taobh istigh den dlínse sin an fad is beo don duine eile a bhí sa chuing phósta a scaoileadh amhlaidh.”, agus an méid seo a leanas a chur in ionad an fho-ailt sin: |
“3° | Féadfar foráil a dhéanamh le dlí maidir le scaoileadh ar phósadh arna dheonú faoi dhlí sibhialta stáit eile a bheidh aitheanta faoi dhlí an Stáit sin.”. |
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: | 3,397,636 |
Vótaíocht Iomlán: | 1,727,056 |
Céatadán Vótaíochta: | 50.83% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: | 1,384,192 |
Vótaí in aghaidh an mholta: | 302,319 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: | 40,545 |