Reifreann ar an mBille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 – rialáil fhoirceannadh toirchis

Táthar ag fiafraí díot an aontaíonn tú leis an togra –

(i) an fo-alt seo a leanas a scriosadh as Airteagal 40.3 den Bhunreacht:

“3° Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

Ní theorannóidh an fo-alt seo an tsaoirse chun taisteal idir an Stát agus stát eile.

Ní chuirfidh an fo-alt seo teorainn leis an tsaoirse chun faisnéis a bhaineann le seirbhísí a fháil nó a chur ar fáil sa Stát, faoi réir cibé coinníollacha a leagfar síos le dlí.

ar fáil i stát eile.”,

agus

(ii) chun an méid seo a leanas a chur in ionad an fho-ailt sin:

“3° Féadfar foráil a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil.”.

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 3,367,556
Vótaíocht Iomlán: 2,159,655
Céatadán Vótaíochta: 64.13%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 1,429,981
Vótaí in aghaidh an mholta: 723,632
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 6,042