Fiafraítear díot sa reifreann seo an aontaíonn tú leis an togra chun Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú chun a fhoráil go bhféadfaidh beirt pósadh, gan beann ar a ngnéas. Leanfar den phósadh a rialáil le reachtaíocht agus leis an dlí coiteann.
Beartaítear leis an mBille um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta), 2015 an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3 d’Airteagal 41 den Bhunreacht:
“4 Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.”
Achoimre ar an Toradh
| Toghthóirí: | 3,221,681 |
| Vótaíocht Iomlán: | 1,949,725 |
| Céatadán Vótaíochta: | 60.52% |
| Vótaí i bhfábhar an mholta: | 1,201,607 |
| Vótaí in aghaidh an mholta: | 734,300 |
| Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: | 13,818 |
