Is é atá beartaithe leis an mBille um an Aonú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Leanaí), 2012 -
(a) |
an t-alt seo a leanas a scriosadh as Airteagal 42 den Bhunreacht: |
"5 |
I gcásanna neamhchoiteanna nuair a tharlaíonn, ar chúiseanna corpartha nó ar chúiseanna morálta, nach ndéanaid na tuistí a ndualgais dá gclainn, ní foláir don Stát, ós é an Stát caomhnóir leasa an phobail, iarracht a dhéanamh le beart oiriúnach chun ionad na dtuistí a ghlacadh, ag féachaint go cuí i gcónaí, áfach, do chearta nádúrtha dochloíte an linbh.”, agus |
(b) |
an tAirteagal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 42: |
|
"LEANAÍ |
|
Airteagal 42A |
|
1 Admhaíonn agus deimhníonn an Stát cearta nádúrtha dochloíte na leanaí uile agus ní foláir dó na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é. |
|
2 1° I gcásanna neamhchoiteanna nuair a tharlaíonn nach ndéanann na tuistí, gan beann ar a stádas pósta, a ndualgais dá gclann sa mhéid gur dócha go ndéanfar dochar do shábháilteacht nó do leas aon linbh dá gclann, ní foláir don Stát, ós é an Stát caomhnóir leasa an phobail, iarracht a dhéanamh, le beart comhréireach mar a shocraítear le dlí, chun ionad na dtuistí a ghlacadh, ag féachaint go cuí i gcónaí, áfach, do chearta nádúrtha dochloíte an linbh. |
|
2° Déanfar socrú le dlí chun aon leanbh a uchtáil i gcás nach ndearna na tuistí a ndualgais don leanbh ar feadh cibé tréimhse ama a ordófar le dlí agus nuair is riachtanas ar mhaithe le barr leasa an linbh é. |
|
3 Déanfar socrú le dlí chun aon leanbh a shuíomh go saorálach le haghaidh uchtála agus a uchtáil. |
|
4 1° Déanfar socrú le dlí go measfar, le linn na n-imeachtaí uile -
i a thabharfaidh an Stát, ós é an Stát caomhnóir leasa an phobail, chun nach ndéanfar dochar do shábháilteacht ná do leas aon linbh, nó
ii a bhaineann le huchtáil, caomhnóireacht nó coimeád aon linbh, nó rochtain ar aon leanbh, |
|
a réiteach, gur ní ró-thábhachtach é barr leasa an linbh. |
|
2° Déanfar socrú le dlí chun a chur in áirithe, sa mhéid gur féidir é, go ndéanfar sna himeachtaí uile dá dtagraítear i bhfo-alt 1° den alt seo i leith aon linbh ar féidir leis nó léi teacht ar a bharúlacha féin nó ar a barúlacha féin, barúlacha an linbh a fháil agus tromachar cuí a thabhairt dóibh ag féachaint d'aois agus d'aibíocht an linbh.". |
|