Reifrinn in Éirinn
Ní mór d'aon leasú ar Bhunreacht na hÉireann dul chun cinn a dhéanamh mar Bhille ar dtús (is é sin, píosa reachtaíochta) trí Thithe an Oireachtais. Beidh eolas ar fáil faoi dháta an chéad reifrinn eile tar éis a bheidh Ordú Lá na Vótála eisithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Is é dualgas Cheann Chomhairimh an Reifrinn ná reifrinn a stiúradh agus torthaí na reifreann a shocrú agus a dhearbhú. Tá sé seo i gcomhréir le hAcht an Reifrinn, 1994.
Tá tuilleadh eolais ar reifrinn in Éirinn ar fáil ó shuíomh gréasáin An Choimisiúin Toghcháin, an coimisiún toghcháin neamhspléach nua atá bunaithe ag Éireann. Tá faisnéis ar na reifrinn roimhe seo ar fáil ar a suíomh chomh maith.