Cuireann an suíomh gréasáin seo eolas oifigiúil ar fáil faoi reifreann a reáchtáil a luaithe agus atá dáta le haghaidh reifrinn deimhnithe.
Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis an bhfaisnéis seo, ach gan a bheith teoranta dóibh:
- Ráiteas mar Eolas do Vótálaithe (seo ráiteas foirmiúil, ceaptha ag an Oireachtas, ar ábhar an reifrinn)
- Páipéar ballóide samplach
- Socruithe vótála agus na nithe a chaithfidh tú a thabhairt leat go dtí an stáisiún vótála
- Reachtaíocht lena rialaítear reáchtáil na reifreann in Éirinn
- Liosta de Chinn Chomhairimh Áitiúla
Ar an lá ar a gcomhairfear vótaí an reifrinn, beidh an méid seo a leanas air:
- Torthaí beo de réir an dáilcheantair, a tuairiscíodh ón Lárionad Comhairimh
- Físeán de na torthaí deiridh arna bhfógairt ag Ceann Comhairimh an Reifrinn
Reifrinn in Éirinn
Ní mór d’aon leasú ar Bhunreacht na hÉireann dul chun cinn a dhéanamh mar Bhille ar dtús (is é sin, píosa reachtaíochta) trí Thithe an Oireachtais. Beidh eolas ar fáil faoi dháta an chéad reifrinn eile tar éis a bheidh Ordú Lá na Vótála eisithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Is é dualgas Cheann Chomhairimh an Reifrinn ná reifrinn a stiúradh agus torthaí na reifreann a shocrú agus a dhearbhú. Tá sé seo i gcomhréir le hAcht an Reifrinn, 1994.
Tá tuilleadh eolais ar reifrinn in Éirinn ar fáil ó shuíomh gréasáin An Choimisiúin Toghcháin, an coimisiún toghcháin neamhspléach nua atá bunaithe ag Éireann. Tá faisnéis ar na reifrinn roimhe seo ar fáil ar a suíomh chomh maith.
Cé atá in ann vótáil ag reifreann in Éirinn?
Tá cead vótála ag gach saoránach d’Éirinn a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, atá 18 mbliana d’aois nó níos sine ar an lá vótaíochta, agus a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta ar chlár na dtoghthóirí.