Beartaítear leis an mBille um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht 2012 (An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta) an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt 9° d’Airteagal 29.4 den bhunreacht:
| ’10° | Féadfaidh an Stát an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta arna dhéanamh sa Bhruiséil an 2ú lá de Mhárta 2012 a dhaingniú. Ní dhéanann aon fhoráil den Bhunreacht seo dlíthe a achtaítear, gníomhartha arna ndéanamh nó bearta arna nglacadh ag an Stát is gá de bharr oibleagáidí an Stáit faoin gConradh sin a neamhbhailí nó a choisceann dlíthe a achtaítear, gníomhartha arna ndéanamh nó bearta arna nglacadh ag comhlachtaí atá inniúil faoin gConradh sin as feidhm dlí a bheith acu sa Stát.’ |
Achoimre ar an Toradh
| Toghthóirí: | 3,144,828 |
| Vótaíocht Iomlán: | 1,591,385 |
| Céatadán Vótaíochta: | 50.60% |
| Vótaí i bhfábhar an mholta: | 955,091 |
| Vótaí in aghaidh an mholta: | 629,088 |
| Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: | 7,206 |
