An Bille um Reifreann ar Ionadaíocht Ollscoile sa Seanad (An Seachtú Leasú ar an mBunreacht (Comhaltaí de Sheanad Éireann a Thoghadh ag Forais Ardoideachais) 1979)

Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Déardaoin, 5ú Iúil, 1979 idir 9 a.m. agus 9 p.m. Bhí reifreann ar uchtú ar an lá céanna. Dúradh in Acht an Reifrinn (Leasú), 1979, an ráiteas seo a leanas mar eolas do vótálaithe ar ábhar an reifrinn: :
"PÁIPÉAR BALLÓIDE GLAS
Molann an BILLE UM AN SEACHTÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT (COMHALTAÍ SHEANAD ÉIREANN A TOGHADH DE RÉIR INSTITIÚIDÍ Ard-Oideachais), 1979, go ndéanfaidh ollscoileanna agus forais ardoideachais eile a shonrófar le dlí cibé líon comhaltaí de Sheanad Éireann, nach mó ná 6, a shonrófar le dlí, a thoghadh. Bheadh na daoine a thoghfar in ionad an líon comhionann comhaltaí atá tofa faoi láthair (3 an ceann) ag Ollscoil na hÉireann agus ag Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, molann an Bille nach gcuirfidh aon ní in Airteagal 18 den Bhunreacht toirmeasc ar na hOllscoileanna sin a lánscor le dlí." Ba é 552,600 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 45,484 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 3ú Lúnasa, 1979 agus feidhmíodh é mar dhlí.

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 2,179,466
Vótaíocht Iomlán: 622,646
Céatadán Vótaíochta: 28.57%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 552,600
Vótaí in aghaidh an mholta: 45,484
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 24,562