Is é atá beartaithe leis an mBille um an Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001, an t-alt seo a leanas a chur isteach indiaidh alt 8 d'Airteagal 29 den Bhunreacht:
"Tig leis an Stát Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a rinneadh sa Róimh an 17ú lá d'Iúil, 1998, a dhaingniú".
Má THOILíONN Tú leis an togra, cuir X os coinne an fhocail Tá ar an bpáipéar ballóide.
MURA dTOILíONN Tú leis an togra, cuir X os coinne an fhocail Níl ar an bpáipéar ballóide.
Is éidir cóip den Bhille a iniúchadh nó a fháil saor in aisce in aon Phost-Oifig.
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: |
2,867,960 |
Vótaíocht Iomlán: |
997,565 |
Céatadán Vótaíochta: |
34.78% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: |
628,695 |
Vótaí in aghaidh an mholta: |
350,963 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
17,819 |