An Bille um an Séú Leasú is Fiche ar an mBunreacht,2002 (Conradh Nice) is e ata beartaithe leis an mBille na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt 6 d'alt 4 d'Airteagal 29
|
7° |
Tig leis an Stát Conradh Nice ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus Ionstraimí gaolmhara áirithe, a síníodh in Nice an 26ú lá d'Fheabhra, 2001, a dhaingniú. |
|
8° |
Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a shocraítear le hAirteagail 1.6, 1.9, 1.11, 1.12, 1.13 agus 2.1 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7 den alt seo nó fúthu ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais. |
|
9° |
Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun Airteagal 1.2 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7 den alt seo i gcás ina mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin. |
Achoimre ar an Toradh
|
Toghthóirí: |
2,923,918 |
| Vótaíocht Iomlán: |
1,446,588 |
| Céatadán Vótaíochta: |
49.47% |
| Vótaí i bhfábhar an mholta: |
906,317 |
| Vótaí in aghaidh an mholta: |
534,887 |
| Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
5,384 |