Pionós an Bháis a Chur ar Ceal (An Bille um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Uimh. 2), 2001)

Is é atá beartaithe leis an mBille um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Uimh. 2), 2001, na leasuithe seo a leanas a dhéanamh ar an mBunreacht: In Airteagal 13.6, ", taobh amuigh de chásanna breithe báis," a scriosadh; In Airteagal 15.5, an fo-alt seo a leanas a chur isteach: "2° Ní cead don Oireachtas aon dlí a achtú lena ndéanfar socrú chun pionós an bháis a ghearradh."; In Airteagal 28.3.3°, "seachas Airteagal 15.5.2° " a chur isteach i ndiaidh "sa Bhunreacht seo; In Airteagal 40.4, fo-alt 5° a scriosadh. Má THOILíONN Tú leis an togra, cuir X os coinne an fhocail Tá ar an bpáipéar ballóide. MURA dTOILíONN Tú leis an togra, cuir X os coinne an fhocail Níl ar an bpáipéar ballóide. Is féidir cóip den Bhille a iniúchadh nó a fháil saor in aisce in aon Phost-Oifig.  

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 2,867,960
Vótaíocht Iomlán: 997,885
Céatadán Vótaíochta: 34.79%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 610,455
Vótaí in aghaidh an mholta: 372,950
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 14,480