Bhí vótaíocht sa reifreann ar siúl Déardaoin, 7ú Nollaig, 1972, idir 9 a.m. agus 9 p.m. Bhí reifreann ar an aois vótála ar an lá céanna.
Ba é 721,003 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 133,430 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 5ú Eanáir, 1973 agus feidhmíodh é mar dhlí.
Achoimre ar an Toradh
|
Toghthóirí: |
1,783,604 |
| Vótaíocht Iomlán: |
903,659 |
| Céatadán Vótaíochta: |
50.66% |
| Vótaí i bhfábhar an mholta: |
721,003 |
| Vótaí in aghaidh an mholta: |
133,430 |
| Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
49,326 |