Bhí vótaíocht sa reifreann ar siúl Déardaoin, 7ú Nollaig, 1972, idir 9 a.m. agus 9 p.m. Reáchtáladh reifreann ar aithint reiligiún sonraithe ar an lá céanna. Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir:
"PÁIPÉAR BALLÓIDE GLAS"
Molann AN BILLE UM AN gCEATHRÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1972, an aois vótála íosta i dtoghcháin Dála agus Uachtaránachta agus i Reifrinn a laghdú ó 21 bliain go 18 mbliana."
(Ordaíodh an ráiteas seo le hAcht an Reifrinn (Leasú), 1972).
Ba é 724,836 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 131,514 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 5ú Eanáir, 1973 agus feidhmíodh é mar dhlí.
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: |
1,783,604 |
Vótaíocht Iomlán: |
903,439 |
Céatadán Vótaíochta: |
50.65% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: |
724,836 |
Vótaí in aghaidh an mholta: |
131,514 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
47,089 |