Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Dé Máirt, 26ú Bealtaine, 1987 idir 9 a.m. agus 9 p.m.
Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas ar an gcárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir:
"Molann AN BILLE UM AN DEICHIÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1987, a cheadú don Stát an Ionstraim Eorpach Aonair a dhaingniú tríd an abairt seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt 4 d’Airteagal 29 den Bhunreacht, i ndiaidh na chéad abairte:
Féadfaidh an Stát an Ionstraim Eorpach Aonair (a síníodh thar ceann Bhallstáit na gComhphobal i Lucsamburg ar an 17ú Feabhra, 1986, agus sa Háig ar an 28ú Feabhra, 1986) a dhaingniú.”.
(Ordaíodh an ráiteas le hAcht an Reifrinn (Leasú), 1987).
Ba é 755,423 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 324,977 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 22ú Meitheamh, 1987 agus feidhmíodh é mar dhlí.
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: |
2,461,790 |
Vótaíocht Iomlán: |
1,085,304 |
Céatadán Vótaíochta: |
44.09% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: |
755,423 |
Vótaí in aghaidh an mholta: |
324,977 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
4,904 |