Bhí vótaíocht sa reifreann ar siúl Dé Céadaoin, 16ú Deireadh Fómhair, 1968, idir 9 a.m. agus 9 p.m. Reáchtáladh reifreann ar bhunú toghcheantair Dála ar an lá céanna. Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir:
"PÁIPÉAR BALLÓIDE GLAS
Molann AN BILLE UM AN gCEATHRÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1968, (1) In ionad an chórais vótála a úsáidtear faoi láthair i dtoghcháin don Dáil, córas a bheith ann ina n-úsáidfear an “vóta díreach” agus nach dtoghfar do gach dáilcheantar ar leith ach aon chomhalta amháin; (2) Coimisiún a bhunú chun na dáilcheantair a shocrú, ach é a bheith de cheart ag an Dáil na dáilcheantair a shocrófar amhlaidh a leasú; agus (3) A shocrú go bhféadfar, aon uair a lánscoirfear an Dáil, an Ceann Comhairle a bheidh ag dul as oifig a thoghadh, gan iomaíocht, mar dhara comhalta do dháilcheantar a roghnóidh sé, is dáilcheantar arb é atá ann an dáilcheantar, nó a n-áirítear ann cuid den dáilcheantar, a raibh sé ina ionadóir dó roimh an lánscor. (Ordaíodh an ráiteas seo le hAcht an Reifrinn (Leasú), 1968). Ba é 423,496 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 657,898 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Mar sin, níor cheadaigh na daoine an togra.Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: | 1,717,389 |
Vótaíocht Iomlán: | 1,129,606 |
Céatadán Vótaíochta: | 65.8% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: | 423,496 |
Vótaí in aghaidh an mholta: | 657,898 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: | 48,212 |