Bhí vótaíocht ag an reifreann ar an gCéadaoin, 17ú Meitheamh, 1959, idir 9.00 a.m agus 9.30 p.m. Bhí toghchán uachtaránachta ar siúl an lá céanna.
Scaipeadh an achoimre seo a leanas ar na príomh-mholtaí sa
BHILLE UM AN TRÍÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1958, mar eolas do vótálaithe:
"I láthair na huaire, toghtar comhaltaí Dháil Éireann ar chóras ionadaíochta cionmhaire do dháilcheantair a bhfuil ar a laghad triúr comhaltaí ag filleadh orthu agus vóta amháin inaistrithe ag gach vótálaí.
Tá sé molta sa Bhille deireadh a chur leis an gcóras ionadaíochta cionmhaire agus córas dáilcheantair aonchomhalta a ghlacadh ina ionad, agus vóta aonair neamh-inaistrithe a bheith ag gach vótálaí. Ina theannta sin, tá sé molta sa Bhille Coimisiún a chur ar bun chun na toghcheantair a chinneadh agus a athbhreithniú, in ionad é seo a bheith déanta ag an Oireachtas, mar atá faoi láthair."
(Forordaíodh an ráiteas seo le hAcht an Reifrinn (Leasú), 1959).
Ba é 453,322 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 486,989 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Mar sin, níor cheadaigh na daoine an togra.
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: |
1,678,450 |
Vótaíocht Iomlán: |
979,531 |
Céatadán Vótaíochta: |
58.36% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: |
453,322 |
Vótaí in aghaidh an mholta: |
486,989 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
39,220 |