Fiafraítear díot an aontaíonn tú leis an togra -
(a) |
chun an Bunreacht a leasú chun cúirt dar teideal an Chúirt Achomhairc a bhunú, |
(b) |
dá dhroim sin, chun forálacha eile den Bhunreacht a leasú, go háirithe na forálacha a bhaineann le dlínse na Cúirte Uachtaraí chun achomhairc in aghaidh breitheanna ón Ard-Chúirt agus ó chúirteanna eile a éisteacht agus a chinneadh, agus |
(c) |
chun fo-alt 5° d’Airteagal 34.4 den Bhunreacht, ar a dtugtar riail “an aon bhreithiúnais amháin”, a scriosadh, ar fo-alt é a bhaineann le breitheanna ón gCúirt Uachtarach ar cheist i dtaobh dlí a bheith bailí nó gan a bheith bailí ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta. |
|