Reifreann ar Bhannaí (An Bille um an Séú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1996)

Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl ar an Déardaoin, 28ú Samhain, 1996 idir na huaireanta 9 a.m. agus 9 p.m. Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir: 'Molann AN SÉÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1996, an fo-alt seo a leanas a chur le halt 4 d’Airteagal 40 den Bhunreacht:
"Is féidir foráil a dhéanamh de réir dlí chun cúirt a dhiúltú do bhannaí do dhuine a chúisítear i gcion tromchúiseach, i gcás ina meastar go bhfuil sé riachtanach le réasún chun cosc a chur ar an duine sin cion tromchúiseach a dhéanamh”.'
Ba é 579,740 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 194,968 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 12ú Nollaig, 1996 agus feidhmíodh é mar dhlí.

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 2,659,895
Vótaíocht Iomlán: 777,586
Céatadán Vótaíochta: 29.23%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 579,740
Vótaí in aghaidh an mholta: 194,968
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 2,878