Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Dé Céadaoin, 7ú Meán Fómhair, 1983 idir 9 a.m. agus 9 p.m.
Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir:
"Molann AN BILLE UM AN tOCHTÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1982, an fo-alt seo a leanas a chur le hAirteagal 40.3 den Bhunreacht.
Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é."
(Ordaíodh an ráiteas le hAcht an Reifrinn (Leasú), 1983).
Ba é 841,233 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 416,136 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 7ú Deireadh Fómhair 1983 agus feidhmíodh é mar dhlí.
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: |
2,358,651 |
Vótaíocht Iomlán: |
1,265,994 |
Céatadán Vótaíochta: |
53.67% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: |
841,233 |
Vótaí in aghaidh an mholta: |
416,136 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
8,625 |