Reifreann ar Chonradh Liospóin (An Bille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2008)

Is é atá beartaithe leis an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2008 - (a) na fo-ailt seo a leanas a chur isteach I ndiaidh fho-alt 10° d'alt 4 d'Airteagal 29 den Bhunreacht:
"10° Tig leis an Stát Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú I Liospóin an 13ú lá de Nollaig 2007, a dhaingniú agus tig leis a bheith ina chomhalta den Aontas Eorpach a bhunaítear de bhua an Chonartha sin.
11° Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an Stát, de bhíthin riachtanais na noibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach dá dtagraítear i bhfo-alt 10° den alt seo, a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an tAontas Eorpach sin nó institiúidí de, nó comhlachtaí atá inniúil faoi na conarthaí dá dtagraítear san alt seo, ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.
12° Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a shocraítear le hAirteagail 1.22, 2.64, 2.65, 2.66, 2.67, 2.68 agus 2.278 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 10° den alt seo agus le hAirteagail 1.18 agus 1.20 de Phrótacal Uimh. 1 atá i gceangal leis an gConradh sin, nó a shocraítear faoi na hAirteagail sin, ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.
13° Tig leis an Stát an roghnú a fheidhmiú chun a áirithiú, i ndáil leis an bPrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na héireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (ar a dtugtaí an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh tráth), go scoirfidh sé, go hiomlán nó go páirteach, d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Stát, ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.
14° Tig leis an Stát aontú leis na cinntí, leis na rialacháin nó leis na gníomhartha eile arna ndéanamh -
i faoi Airteagal 1.34(b)(iv),
ii faoi Airteagal 1.56 (a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 48.7 den Chonradh dá dtagraítear I bhfo-alt 4° den alt seo),
iii faoi Airteagal 2.66 (a mhéid a bhaineann sé leis an dara fomhír d'Airteagal 65.3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh),
iv faoi Airteagal 2.67 (a mhéid a bhaineann sé le fomhír (d) d'Airteagal 69A.2, leis an tríú fomhír d'Airteagal 69B.1 agus le míreanna 1 agus 4 d'Airteagal 69E den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh),
v faoi Airteagal 2.144(a),
vi faoi Airteagal 2.261 (a mhéid a bhaineann sé leis an dara fomhír d'Airteagal 270a.2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), agus
vii faoi Airteagal 2.278 (a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 280H den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 10° den alt seo, agus tig leis freisin aontú leis an gcinneadh faoin dara habairt den dara fomhír d'Airteagal 137.2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (arna leasú le hAirteagal 2.116(a) den Chonradh dá dtagraítear san fho-alt 10° sin), ach beidh aontú le haon chinneadh, rialachán nó gníomh den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.
15° Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú -
i de bhun Airteagal 1.2 den Chonradh dá dtagraítear i bhfoalt 7° den alt seo, ná
ii de bhun Airteagal 1.49 den Chonradh dá dtagraítear i bhfoalt 10° den alt seo, i gcás ina mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin.", agus
(b) an fo-alt seo a leanas a scriosadh as alt 4 d'Airteagal 29 den Bhunreacht:
"11° Tig leis an Stát an Comhaontú maidir le Paitinní Comhphobail a tarraingíodh suas idir Ballstáit na gComhphobal agus a rinneadh I Lucsamburg ar an 15ú lá de Nollaig, 1989, a dhaingniú.".
 

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 3,051,278
Vótaíocht Iomlán: 1,621,037
Céatadán Vótaíochta: 53.13%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 752,451
Vótaí in aghaidh an mholta: 862,415
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 6,171