Is é atá beartaithe leis an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Conradh Liospóin) 2009-
(a) na fo-ailt seo a leanas a chur isteach in alt 4 d'Airteagal 29 den Bhunreacht:
|
"4° Dearbhaíonn éire a tiomantas i leith an Aontais Eorpaigh ar laistigh de a oibríonn ballstáit an Aontais sin le chéile chun an tsíocháin, comhluachanna agus leas a bpobal a chur chun cinn. |
|
5° Tig leis an Stát Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13ú lá de Nollaig 2007 ("Conradh Liospóin"), a dhaingniú agus tig leis a bheith ina chomhalta den Aontas Eorpach a bhunaítear de bhua an Chonartha sin. |
|
6° Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an Stát roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, ar theacht i bhfeidhm dó nó tar éis teacht i bhfeidhm dó, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach dá dtagraítear i bhfo-alt 5° den alt seo nó den Chomhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach, a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac- |
|
|
i an tAontas Eorpach sin nó an Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach nó institiúidí den chéanna, |
|
|
ii na Comhphobail Eorpacha nó an tAontas Eorpach a bheidh ar marthain díreach roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, nó institiúidí den chéanna, nó |
|
|
iii comhlachtaí atá inniúil faoi na conarthaí dá dtagraítear san alt seo, |
|
ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát. |
|
7° Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú- |
|
|
i a bhfuil feidhm ag Airteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann le comhar feabhsaithe maidir leo, |
|
|
ii faoi Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gconradh sin agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (ar a dtugtaí an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh), agus |
|
|
iii faoi Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na héireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal amhlaidh, lena n-áirítear an rogha go scoirfidh an Prótacal sin Uimh. 21, go hiomlán nó go páirteach, d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Stát, |
|
ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais. |
|
8° Tig leis an Stát aontú leis na cinntí, leis na rialacháin nó leis na gníomhartha eile arna ndéanamh- |
|
|
i faoin gConradh ar an Aontas Eorpach agus faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á údarú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh gníomhú ar shlí seachas d'aontoil, |
|
|
ii faoi na conarthaí sin lena n-údaraítear an gnáthnós imeachta reachtach a ghlacadh, agus |
|
|
iii faoi fhomhír (d) d'Airteagal 82.2, faoin tríú fomhír d'Airteagal 83.1 agus faoi mhíreanna 1 agus 4 d'Airteagal 86 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, |
|
ach beidh aontú le haon chinneadh, rialachán nó gníomh den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais. |
|
9° Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun Airteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach i gcás go mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin.', |
(b) an téacs seo a leanas a scriosadh as an gcéad abairt d'fho-alt 3° d'alt 4 d'Airteagal 29 den Bhunreacht:
|
'den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh i bPáras an 18adh lá d'Aibreán, 1951), de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh insan Róimh an 25adh lá de Mhárta, 1957) agus', |
(c) an dara habairt den fho-alt sin 3° a scriosadh, agus
(d) fo-ailt 4°, 5°, 6°, 7°, 8°, 9°, 10° agus 11° d'alt 4 d'Airteagal 29 den Bhunreacht a scriosadh.
Achoimre ar an Toradh
|
Toghthóirí: |
3,078,032 |
| Vótaíocht Iomlán: |
1,816,098 |
| Céatadán Vótaíochta: |
59% |
| Vótaí i bhfábhar an mholta: |
1,214,268 |
| Vótaí in aghaidh an mholta: |
594,606 |
| Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
7,224 |