Is é atá beartaithe leis an mBille um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (Fiosruithe Thithe an Oireachtais), 2011 leasú a dhéanamh ar na forálacha den Bhunreacht a bhaineann le cumhachtaí Thithe an Oireachtais fiosrú a stiúradh faoi aon ní a luafaidh an Teach nó na Tithe lena mbaineann ina thaobh go bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta ann. Leis an leasú beartaithe, chuirfí na fo-ailt seo a leanas le hAirteagal 15.10:
| ‘2° | Beidh an chumhacht ag gach Teach fiosrú a stiúradh, nó fiosrú a stiúradh i dteannta an Tí eile, ar mhodh a ndéantar socrú ina chomhair le dlí, faoi aon ní a luafaidh an Teach sin nó na Tithe sin ina thaobh go bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta ann. |
| 3° | I gcúrsa aon fhiosraithe den sórt sin, féadfar imscrúdú a dhéanamh faoi iompraíocht aon duine (cibé acu is comhalta de cheachtar Teach an duine nó nach ea) agus féadfaidh an Teach sin nó na Tithe sin fionnachtana a dhéanamh maidir le hiompraíocht an duine sin i dtaca leis an ní lena mbaineann an fiosrú. |
| 4° | Is faoin Teach sin nó faoi na Tithe sin a bheidh sé an chóimheá chuí idir cearta daoine agus an leas poiblí a chinneadh, ag féachaint go cuí do na prionsabail a ghabhann le nósanna imeachta córa, chun a chur in áirithe go ndéanfar fiosrú éifeachtach faoi aon ní lena mbaineann fo-alt 2º.’. |
Achoimre ar an Toradh
| Toghthóirí: | 3,191,157 |
|---|---|
| Vótaíocht Iomlán: | 1,785,208 |
| Céatadán Vótaíochta: | 55.94% |
| Vótaí i bhfábhar an mholta: | 812,008 |
| Vótaí in aghaidh an mholta: | 928,175 |
| Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: | 45,025 |
