Bhí vótaíocht sa reifreann ar siúl Dé Céadaoin, 16 Deireadh Fómhair 1968, idir 9 a.m. agus 9 p.m. Bhí reifreann ar an gcóras vótála ar siúl an lá céanna. Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir:
"PÁIPÉAR BALLÓIDE BÁN
Molann AN BILLE UM AN TRÍÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1968, le linn dáilcheantair a shocrú sa dóigh nach mbeidh an líon daoine os coinne an teachta, i gcás ar bith, os cionn, ná faoi bhun, an mheánlíon náisiúnta méid is mó ná an séú cuid, agus nach foláir aird a thabhairt ar fhairsinge agus ionsroichteacht dáilcheantar, ar a riachtanaí atá sé limistéir chaothúla ionadaíochta a bheith ann agus nach ngabhfadh dáilcheantair thar theoranta na gcontaetha."
(Ordaíodh an ráiteas seo le hAcht an Reifrinn (Leasú), 1968).
Ba é 424,185 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 656,803 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Mar sin, níor cheadaigh na daoine an togra.
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: |
1,717,389 |
Vótaíocht Iomlán: |
1,129,477 |
Céatadán Vótaíochta: |
65.77% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: |
424,185 |
Vótaí in aghaidh an mholta: |
656,803 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
48,489 |