Bhí an vótaíocht ag an reifreann, a reáchtáladh in éineacht le toghcháin Pharlaimint na hEorpa, ar siúl ar an Déardaoin 14ú Meitheamh, 1984 idir 9 a.m. agus 9 p.m.
Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir:
"Molann AN BILLE UM AN NAOÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1984, ceart na saoránach chun vótáil i dtoghcháin do chomhaltaí Dháil Éireann a leathnú chuig cibé daoine eile sa Stát a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe acu a shonrófar le reachtaíocht arna n-achtú ag an Oireachtas."
(Ordaíodh an ráiteas le hAcht an Reifrinn (Leasú), 1984).
Ba é 828,483 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 270,250 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 2ú Lúnasa, 1984 agus feidhmíodh é mar dhlí.
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: |
2,399,257 |
Vótaíocht Iomlán: |
1,138,895 |
Céatadán Vótaíochta: |
47.47% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: |
828,483 |
Vótaí in aghaidh an mholta: |
270,250 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
40,162 |