Reifreann ar Luach Saothair na mBreithiúna (An Bille um an Naoú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2011)

Is é atá beartaithe leis an mBille um an Naoú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Luach Saothair Breithiúna), 2011 alt 5 d'Airteagal 35 den Bhunreacht, lena ndéantar socrú nach cead laghdú a dhéanamh ar thuarastal breithimh an fad is bheidh an breitheamh in oifig, a scriosadh agus an t-alt seo a leanas a chur ina ionad:
'5 1° Ní cead laghdú a dhéanamh ar luach saothair breithiúna an fad is a bheidh siad in oifig ach amháin de réir an ailt seo.
Tá luach saothair breithiúna faoi réir gearradh cánacha, tobhach nó muirear eile a ghearrtar le dlí ar dhaoine i gcoitinne nó ar dhaoine a bhaineann le haicme áirithe.
Más rud é, roimh an alt seo a achtú nó dá éis sin, go ndearnadh nó go ndéantar laghduithe le dlí ar luach saothair daoine a bhaineann le haicmí daoine a n-íoctar a luach saothair as airgead poiblí agus go luaitear sa dlí sin gur ar mhaithe le leas an phobail na laghduithe sin, féadfar socrú a dhéanamh freisin le dlí chun laghduithe comhréireacha a dhéanamh ar luach saothair breithiúna.'.
 

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 3,191,157
Vótaíocht Iomlán: 1,785,707
Céatadán Vótaíochta: 55.96%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 1,393,877
Vótaí in aghaidh an mholta: 354,134
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 37,696