Reifreann ar Rialtas Áitiúil (An Bille um an bhFichiú Leasú ar an mBunreacht (Uimh. 2), 1999)

Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Dé hAoine, 11ú Meitheamh, 1999 idir 8 a.m. agus 9 p.m. Bhí toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus d’údaráis áitiúla ar siúl ar an lá céanna. Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir: Molann 'AN BILLE UM AN FHICHIÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT (Uimh. 2), 1999, an tAirteagal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 28 den Bhunreacht:

"Airteagal 28A RIALTAIS ÁITIÚIL

1. Aithníonn an Stát ról an rialtais áitiúil maidir le fóram a sholáthar d’ionadaíocht dhaonlathach na bpobal áitiúil, le linn cumhachtaí agus feidhmeanna a thugtar le dlí a fheidhmiú agus a chomhlíonadh ar an leibhéal áitiúil agus leasanna na bpobal sin a chur chun cinn trína thionscnaimh.2. Beidh cibé údaráis áitiúla dhírthofa ann a chinnfear le dlí agus, faoi réir fhorálacha an Bhunreachta seo, déanfar a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna a chinneadh amhlaidh agus oibreofar agus comhlíonfar iad de réir dlí. 3. Comórfar toghcháin do chomhaltaí na n-údarás áitiúil sin de réir dlí tráth nach déanaí ná deireadh an chúigiú bliain tar éis na bliana is déanaí a tionóladh iad. 4. Gach saoránach ag a mbeidh ceart vótála i dtoghchán do chomhaltaí Dháil Éireann agus cibé daoine eile a chinnfear le dlí beidh ceart vótála aige i dtoghchán do na comhaltaí sin de na húdaráis áitiúla dá dtagraítear in alt 2 den Airteagal seo a chinnfear le dlí. 5. Déanfar corrfholúntais i gcomhaltas údarás áitiúil dá dtagraítear in alt 2 den Airteagal seo a líonadh de réir an dlí”.'
Ba é 1,024,850 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 291,965 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 23ú Meitheamh, 1999 agus feidhmíodh é mar dhlí.

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 2,791,415
Vótaíocht Iomlán: 1,425,881
Céatadán Vótaíochta: 51.08%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 1,024,850
Vótaí in aghaidh an mholta: 291,965
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 109,066