Bhí vótaíocht ag an reifreann, a reáchtáladh in éineacht le Toghchán Uachtaránachta, ar siúl ar an Déardaoin 30ú Deireadh Fómhair, 1997 idir 9 a.m. agus 9 p.m.
Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir:
'Molann AN BILLE UM AN SEACHTÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT (UIMH. 2), 1997, an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt 2 d’alt 4 d’Airteagal 28 den Bhunreacht:
"Urramófar rúndacht na ndíospóireachtaí ag cruinnithe den Rialtas i ngach cás ach amháin i gcás ina gcinnfidh an Ard-Chúirt gur ceart nochtadh a dhéanamh maidir le hábhar áirithe -i. ar mhaithe le riaradh an cheartais ag Cúirt, nó
ii. de thairbhe leas sáraitheach poiblí, de bhun iarratais chuige sin ó bhinse arna cheapadh ag an Rialtas nó ag Aire den Rialtas ar údarás Thithe an Oireachtais chun fiosrúchán a dhéanamh ar ábhar a luafaidh siad a bheith tábhachtach don phobal"'
Ba é 632,777 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 569,175 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 14ú Samhain, 1997 agus feidhmíodh é mar dhlí.
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: |
2,688,316 |
Vótaíocht Iomlán: |
1,268,043 |
Céatadán Vótaíochta: |
47.17% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: |
632,777 |
Vótaí in aghaidh an mholta: |
569,175 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
66,091 |