Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Dé hAoine, 24ú Samhain, 1995 idir 9 a.m. agus 10 p.m.
Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir:
'Molann AN BILLE UM AN gCÚIGIÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT (UIMH. 2), 1995, an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt 2 d’Airteagal 41.3 den Bhunreacht:
"Féadfaidh Cúirt arna hainmniú le dlí scaoileadh ar phósadh a dheonú más rud é, agus sa chás seo amháin, gur deimhin léi -
i. ar dháta thionscnamh na n-imeachtaí, gur chónaigh na céilí ar leith óna chéile ar feadh tréimhse de cheithre bliana ar a laghad le linn na gcúig bliana seo a chuaigh thart, nó ar feadh tréimhsí ceithre bliana ar a laghad,
ii. níl aon ionchas réasúnach ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí,
iii. cibé foráil is cuí leis an gCúirt ag féachaint do na himthosca atá ann nó a dhéanfar le haghaidh na gcéilí, aon leanaí de cheachtar acu nó an bheirt acu agus aon duine eile a bheidh ordaithe le dlí, agus
iv. go gcomhlíontar aon choinníollacha breise a fhorordaítear le dlí”.'
Ba é 818,842 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 809,728 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 17ú Meitheamh, 1996 agus feidhmíodh é mar dhlí.
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: |
2,628,834 |
Vótaíocht Iomlán: |
1,633,942 |
Céatadán Vótaíochta: |
62.15% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: |
818,842 |
Vótaí in aghaidh an mholta: |
809,728 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
5,372 |