Is é atá beartaithe leai an mBille um an Seachtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2004 an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 1 d'Airteagal 9 den Bhunreacht:
'2
|
1° |
D'ainneoin aon fhorála eile den Bhunreacht seo, maidir le duine a shaolaítear in oileáin na héireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, agus nach bhfuil aige nó aici, an tráth a shaolaítear an duine sin, tuismitheoir amháin ar a laghad is saoránach d'éirinn nó atá i dteideal a bheith ina shaoránach nó ina saoránach d'éirinn, níl teideal ag an duine sin chun saoránacht nó náisiúntacht éireann, mura ndéanfar socrú ina chomhair sin le dlí. |
|
2° |
Ní bhainfidh an t-alt seo le daoine a saolaíodh roimh dháta achtaithe an ailt seo.' |
Achoimre ar an Toradh
|
Toghthóirí: |
3,041,688 |
| Vótaíocht Iomlán: |
1,823,434 |
| Céatadán Vótaíochta: |
59.95% |
| Vótaí i bhfábhar an mholta: |
1,427,520 |
| Vótaí in aghaidh an mholta: |
375,695 |
| Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: |
20,219 |