Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Dé Céadaoin, 25ú Samhain, 1992 idir 9 a.m. agus 9 p.m. Bhí reifrinn ar an gceart chun beatha (An Bille um an Dóú Leasú Déag ar an mBunreacht) agus an Bille Faisnéise (An Ceathrú Leasú Déag ar an mBunreacht), chomh maith le hOlltoghchán ar siúl an lá céanna.
Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir:
'PÁIPÉAR BALLÓIDE GLAS: TAISTEAL
Molann AN TRIU LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1992, Airteagal 40 den Bhunreacht a leasú tríd an mír seo a leanas a chur le fo-alt 3 d'alt 3 de:"Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun taisteal idir an Stát agus stát eile.".'(Ordaíodh an ráiteas seo le hAcht an Reifrinn (Leasú) (Uimh. 2), 1992). Ba é 1,035,308 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 624,059 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 23ú Nollaig, 1992 agus feidhmíodh é mar dhlí.
Achoimre ar an Toradh
Toghthóirí: | 2,542,841 |
Vótaíocht Iomlán: | 1,733,821 |
Céatadán Vótaíochta: | 68.18% |
Vótaí i bhfábhar an mholta: | 1,035,308 |
Vótaí in aghaidh an mholta: | 624,059 |
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: | 74,454 |