Torthaí ó na Reifrinn a tionóladh an 8ú Márta 2024
An Naoú Leasú is Tríocha
(Leasú Teaghlaigh)
An Daicheadú Leasú
(Leasú Cúraim)
Fógraí faoi thorthaí na reifreann ar an mBille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Teaghlach) 2023 agus ar an mBille um an gCealú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cúram) 2023
Reifrinn in Éirinn
Ní mór d’aon leasú ar Bhunreacht na hÉireann dul chun cinn a dhéanamh mar Bhille ar dtús (is é sin, píosa reachtaíochta) trí Thithe an Oireachtais. Beidh eolas ar fáil faoi dháta an chéad reifrinn eile tar éis a bheidh Ordú Lá na Vótála eisithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Is é dualgas Cheann Chomhairimh an Reifrinn ná reifrinn a stiúradh agus torthaí na reifreann a shocrú agus a dhearbhú. Tá sé seo i gcomhréir le hAcht an Reifrinn, 1994.
Tá tuilleadh eolais ar reifrinn in Éirinn ar fáil ó shuíomh gréasáin An Choimisiúin Toghcháin, an coimisiún toghcháin neamhspléach nua atá bunaithe ag Éireann. Tá faisnéis ar na reifrinn roimhe seo ar fáil ar a suíomh chomh maith.
Cuireann an suíomh gréasáin seo eolas oifigiúil ar fáil faoi reifreann a reáchtáil a luaithe agus atá dáta le haghaidh reifrinn deimhnithe.
Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis an bhfaisnéis seo, ach gan a bheith teoranta dóibh:
- Ráiteas mar Eolas do Vótálaithe (seo ráiteas foirmiúil, ceaptha ag an Oireachtas, ar ábhar an reifrinn)
- Páipéar ballóide samplach
- Socruithe vótála agus na nithe a chaithfidh tú a thabhairt leat go dtí an stáisiún vótála
- Reachtaíocht lena rialaítear reáchtáil na reifreann in Éirinn
- Liosta de Chinn Chomhairimh Áitiúla
Ar an lá ar a gcomhairfear vótaí an reifrinn, beidh an méid seo a leanas air:
- Torthaí beo de réir an dáilcheantair, a tuairiscíodh ón Lárionad Comhairimh
- Físeán de na torthaí deiridh arna bhfógairt ag Ceann Comhairimh an Reifrinn
Cé atá in ann vótáil ag reifreann in Éirinn?
Tá cead vótála ag gach saoránach d’Éirinn a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, atá 18 mbliana d’aois nó níos sine ar an lá vótaíochta, agus a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta ar chlár na dtoghthóirí.