Is é dualgas Cheann Chomhairimh an Reifrinn ná reifrinn a stiúradh agus torthaí na reifreann a shocrú agus a dhearbhú. Tá sé seo i gcomhréir le hAcht an Reifrinn, 1994. Is é an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a cheapann Ceann Comhairimh an Reifrinn.
Ní mór d’aon leasú ar Bhunreacht na hÉireann dul chun cinn a dhéanamh mar Bhille ar dtús (is é sin, píosa reachtaíochta) trí Thithe an Oireachtais. Beidh eolas ar fáil faoi dháta an chéad reifrinn eile tar éis a bheidh Ordú Lá na Vótála eisithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.