Conradh Nice (An Bille um an gCeathrú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001)

Is é atá beartaithe leis an mBille um an gCeathrú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001, na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt 6° d'alt 4 d'Airteagal 29 den Bhunreacht:

"Tig leis an Stát Conradh Nice ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus Ionstraimí gaolmhara áirithe, a síníodh in Nice an 26ú lá d'Fheabhra, 2001, a dhaingniú.

Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a shocraítear le hAirteagail 1.6, 1.9, 1.11, 1.12, 1.13 agus 2.1 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7° den alt seo nó fúthu ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais".

Má THOILíONN Tú leis an togra, cuir X os coinne an fhocail Tá ar an bpáipéar ballóide.

MURA dTOILíONN Tú leis an togra, cuir X os coinne an fhocail Níl an bpáipéar ballóide.

Is féidir cóip den Bhille a iniúchadh nó a fháil saor in aisce in aon Phost-Oifig.

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 2,867,960
Vótaíocht Iomlán: 997,826
Céatadán Vótaíochta: 34.79%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 453,461
Vótaí in aghaidh an mholta: 529,478
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 14,887