Reifreann ar an Aontas Eorpach (An Bille um an Aonú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992)

Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl ar an Déardaoin, 18ú Meitheamh, 1992 idir 9 a.m. agus 10 p.m. Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas ar an gcárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir: "Molann AN tAONÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1992, a bhaineann le hAirteagal 29 den Bhunreacht a leasú, an tríú habairt i bhfo-alt 4 de a aisghairm agus na fo-ailt seo a leanas a chur isteach in alt 4:
Féadfaidh an Stát an Conradh ar an Aontas Eorpach a síníodh i Maastricht an 7ú lá d’Fheabhra, 1992, a dhaingniú agus féadfaidh sé teacht chun bheith ina chomhalta den Aontas sin. Ní dhéanann aon neamhbhailí den Bhunreacht seo dlíthe a achtaíodh, gníomhartha arna ndéanamh nó bearta arna nglacadh ag an Stát is gá de bharr oibleagáidí comhaltais den Aontas Eorpach nó de na Comhphobail a neamhbhailí, ná ní choisceann dlíthe a achtaíodh, gníomhartha arna ndéanamh nó bearta arna nglacadh ag an Aontas Eorpach nó ag na Comhphobail nó a fhorais, nó ag comhlachtaí atá inniúil faoi na Conarthaí ag bunú na gComhphobal, as feidhm dlí a bheith acu sa Stát. Féadfaidh an Stát an Comhaontú maidir le Paitinní Comhphobail arna tharraingt suas idir Ballstáit na gComhphobal i Lucsamburg an 15ú Nollaig, 1989, a dhaingniú.”
(Ordaíodh an ráiteas seo le hAcht an Reifrinn (Leasú), 1992). Ba é 1,001,076 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 448,655 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 16ú Iúil, 1992 agus feidhmíodh é mar dhlí.

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 2,542,840
Vótaíocht Iomlán: 1,457,219
Céatadán Vótaíochta: 57.31%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 1,001,076
Vótaí in aghaidh an mholta: 448,655
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 7,488