Reifreann ar Bheatha Dhaonna le linn Toirchis (An Bille um an gCúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2002)

Is é atá beartaithe leis an mBille um an gCúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint), 2001, an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5 d'Airteagal 46 den Bhunreacht:
"6 D'ainneoin na bhforálacha sin romhainn den Airteagal seo, déanfar Airteagal 40 den Bhunreacht seo a leasú mar a leanas: Cuirfear na fo-ailt seo a leanas le halt 3 den téacs Gaeilge:
'4° Déanfar, go sonrach, beatha na mbeo gan breith sa bhroinn a chosaint de réir fhorálacha an Achta chun Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint, 2002.
Beidh feidhm ag forálacha alt 2 d'Airteagal 46 agus ailt 1, 3 agus 4 d'Airteagal 47 den Bhunreacht seo maidir le haon Bhille a ritear nó a mheastar a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais, ar Bille é a bhfuil togra ann chun an tAcht chun Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint, 2002, a leasú, mar atá feidhm acu maidir le Bille a bhfuil togra nó tograí ann chun an Bunreacht seo a leasú agus ní foláir don Uachtarán a lámh a chur le haon Bhille den sórt sin láithreach ar mbeith sásta dó gur thoiligh an pobal go cuí leis an mBille de réir fhorálacha alt 1 d'Airteagal 47 den Bhunreacht seo, agus ní foláir don Uachtarán é a fhógairt go cuí ina dhlí.".
Má achtaíonn an tOireachtas dlí, nach bhfuil ann ach na forálacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal The Second Schedule a ghabhann leis an Acht um an gCúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint) , 2001, déanfar an t-alt seo, seachas an leasú ar Airteagal 40 den Bhunreacht seo a dhéantar leis an alt seo, a fhágáil ar lár as gach téacs oifigiúil den Bhunreacht seo a fhoilseofar dá éis sin, ach d'ainneoin é a fhágáil ar lár amhlaidh leanfaidh an t-alt seo d'fheidhm dlí a bheith aige.
Mura ndéanfar dlí den sórt sin a achtú amhlaidh laistigh de 180 lá ón tráth a chuirfear an t-alt seo leis an mBunreacht seo, scoirfidh an t-alt seo d'éifeacht a bheith leis agus fágfar ar lár é as gach téacs oifigiúil den Bhunreacht seo a fhoilseofar dá éis sin.
Ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagail 26 agus 27 den Bhunreacht seo maidir leis an mBille le haghaidh dlí den sórt sin."
 

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 2,923,918
Vótaíocht Iomlán: 1,254,175
Céatadán Vótaíochta: 42.89%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 618,485
Vótaí in aghaidh an mholta: 629,041
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 6,649