Reifreann ar Bheatha Dhaonna le linn Toirchis (An Bille um an gCúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2002)

Is é atá beartaithe leis an mBille um an gCúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint), 2001, an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5 d’Airteagal 46 den Bhunreacht:

“6 1° D’ainneoin na bhforálacha sin romhainn den Airteagal seo, déanfar Airteagal 40 den Bhunreacht seo a leasú mar a leanas:

Cuirfear na fo-ailt seo a leanas le halt 3 den téacs Gaeilge:

‘4° Déanfar, go sonrach, beatha na mbeo gan breith sa bhroinn a chosaint de réir fhorálacha an Achta chun Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint, 2002.
5° Beidh feidhm ag forálacha alt 2 d’Airteagal 46 agus ailt 1, 3 agus 4 d’Airteagal 47 den Bhunreacht seo maidir le haon Bhille a ritear nó a mheastar a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais, ar Bille é a bhfuil togra ann chun an tAcht chun Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint, 2002, a leasú, mar atá feidhm acu maidir le Bille a bhfuil togra nó tograí ann chun an Bunreacht seo a leasú agus ní foláir don Uachtarán a lámh a chur le haon Bhille den sórt sin láithreach ar mbeith sásta dó gur thoiligh an pobal go cuí leis an mBille de réir fhorálacha alt 1 d’Airteagal 47 den Bhunreacht seo, agus ní foláir don Uachtarán é a fhógairt go cuí ina dhlí.”.
2° Má achtaíonn an tOireachtas dlí, nach bhfuil ann ach na forálacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal The Second Schedule a ghabhann leis an Acht um an gCúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint) , 2001, déanfar an t-alt seo, seachas an leasú ar Airteagal 40 den Bhunreacht seo a dhéantar leis an alt seo, a fhágáil ar lár as gach téacs oifigiúil den Bhunreacht seo a fhoilseofar dá éis sin, ach d’ainneoin é a fhágáil ar lár amhlaidh leanfaidh an t-alt seo d’fheidhm dlí a bheith aige.
3° Mura ndéanfar dlí den sórt sin a achtú amhlaidh laistigh de 180 lá ón tráth a chuirfear an t-alt seo leis an mBunreacht seo, scoirfidh an t-alt seo d’éifeacht a bheith leis agus fágfar ar lár é as gach téacs oifigiúil den Bhunreacht seo a fhoilseofar dá éis sin.
4° Ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagail 26 agus 27 den Bhunreacht seo maidir leis an mBille le haghaidh dlí den sórt sin.”

 

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 2,923,918
Vótaíocht Iomlán: 1,254,175
Céatadán Vótaíochta: 42.89%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 618,485
Vótaí in aghaidh an mholta: 629,041
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 6,649