Reifreann ar Scaoileadh an Phósta (An Bille um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1986)

Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl ar an Déardaoin, 26ú Meitheamh, 1986 idir 9 a.m. agus 10 p.m. Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas ar an gcárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir: "Molann AN DEICHIÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1986, fo-alt d’Airteagal 41.3 den Bhunreacht a scriosadh, a deir nach n-achtófar aon dlí lena ndéantar socrú chun pósadh a dhíscaoileadh, agus chun an fo-alt seo a leanas a chur ina ionad:
Más rud é agus sa chás seo amháin gur deimhin leis an gcúirt a bhunófar faoin mBunreacht seo mar a leagtar amach le dlí:
(i) gur theip ar phósadh, (ii) gur lean an mhainneachtain ar feadh tréimhse/tréimhsí cúig bliana ar a laghad, (iii) nach bhfuil aon fhéidearthacht réasúnach ann maidir le comhréiteach idir na páirtithe sa phósadh, agus (iv) gur comhlíonadh aon choinníoll eile a fhorordaítear le dlí,
féadfaidh an chúirt, do réir dlighidh, scaoileadh ar an bpósadh do thabhairt ar choingheall gur deimhin leis an gcúirt go ndéanfar socrú imleor cuibhe, ag féachaint do na himthosca, maidir le haon chéile cleitheamhnach agus maidir le haon leanbh de chuid ceachtar céile nó aon leanbh atá i gcleitheamhnas ar cheachtar céile." (Ordaíodh an ráiteas seo le hAcht an Reifrinn (Leasú), 1992). Ba é 538,279 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 935,843 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Mar sin, níor cheadaigh na daoine an togra.

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 2,436,836
Vótaíocht Iomlán: 1,482,644
Céatadán Vótaíochta: 60.84%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 538,279
Vótaí in aghaidh an mholta: 935,843
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 8,522