Pobalbhreith ar an Dréacht-Bhunreacht, 1937

Tionóladh pobalbhreith ar an dréacht-Bhunreacht ar an 1ú Iúil, 1937. Bhí olltoghchán comhaltaí do Dháil Éireann ar siúl ar an lá céanna. Ba é 685,105 líon iomlán na vótaí a tugadh ag an bpobalbhreith ag ceadú an dréacht-Bhunreachta agus ba é 526,945 líon iomlán na vótaí nár cheadaigh é. Toisc gur léirigh tromlach na vótaí a caitheadh ag an bpobalbhreith ceadú, measadh an dréacht-Bhunreacht a bheith ceadaithe ag an bpobal agus tháinig sé i ngníomh an 1ú Eanáir, 1938.

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 1,775,055
Vótaíocht Iomlán: 1,346,207
Céatadán Vótaíochta: 75.84%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 685,105
Vótaí in aghaidh an mholta: 526,945
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 134,157