Reifreann ar Aontachas leis na Comhphobail Eorpacha (An Bille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1971)

Bhí vótaíocht ag an reifreann ar an Déardaoin, 10ú Bealtaine, 1972 idir 9 a.m. agus 9 p.m. Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir:
"Molann AN BILLE UM AN TRÍÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1971, an fo-alt seo a leanas a chur le hAirteagal 29.4 den Bhunreacht. Féadfaidh an Stát teacht chun bheith ina chomhalta den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (a bunaíodh le Conradh a síníodh i bPáras ar an 18ú Aibreán, 1951), Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (a bunaíodh le Conradh a síníodh sa Róimh ar an 25ú Márta, 1957) agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (a bunaíodh le Conradh a síníodh sa Róimh ar an 25ú Márta, 1957). Ní dhéanann aon neamhbhailí den Bhunreacht seo dlíthe a achtaíodh, gníomhartha arna ndéanamh nó bearta arna nglacadh ag an Stát is gá de bharr oibleagáidí comhaltais na gComhphobal a dhéanamh neamhbhailí ná ní choisceann dlíthe a achtaíodh, gníomhartha arna ndéanamh nó bearta arna nglacadh ag na Comhphobail, nó ag institiúidí dá chuid, as feidhm dlí a bheith acu sa Stát. Is é is aidhm don togra ligean don Stát teacht chun bheith ina chomhalta de na Comhphobail ar a dtugtar de ghnáth na Comhphobail Eorpacha."
(Forordaíodh an ráiteas seo le hAcht an Reifrinn (Leasú), 1972). Ba é 1,041,890 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i bhfabhar an togra agus ba é 211,891 líon iomlán na vótaí a taifeadadh i gcoinne an togra. Toisc gur cheadaigh an pobal an moladh mar is ceart, shínigh an tUachtarán an Bille ar an 8ú Meitheamh, 1972 agus feidhmíodh é mar dhlí.

Achoimre ar an Toradh

Toghthóirí: 1,783,604
Vótaíocht Iomlán: 1,264,278
Céatadán Vótaíochta: 70.88%
Vótaí i bhfábhar an mholta: 1,041,890
Vótaí in aghaidh an mholta: 211,891
Páipéir Bhallóide Neamhbhailí: 10,497