Tá athchomhaireamh náisiúnta don reifreann ar an mBille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023 ar siúl anois. Léigh na torthaí ón gcomhaireamh tosaigh. Léigh na torthaí ón athchomhaireamh.

Tá athchomhaireamh náisiúnta don reifreann ar an mBille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023 ar siúl anois. Léigh na torthaí ón gcomhaireamh tosaigh. Léigh na torthaí ón athchomhaireamh.

Athchomhaireamh ar siúl i mBaile Átha Cliath Láir.

Fógrófar torthaí an reifrinn ar an mBille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023 ar dtús. Déanfar torthaí an Bhille um an gCaogadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023 a leanúint.

Torthaí an Reifrinn

An Naoú Leasú is Tríocha
(Leasú Teaghlaigh)

Athchomhaireamh ar siúl i mBaile Átha Cliath Láir.

Athchomhaireamh iomlán ar siúl

Dé hAoine, 8 Márta 2024

Torthaí Náisiúnta

An nuashonrú is déanaí:
as toghcheantair a fuarthas
Tá -%
Níl -%
– votes
Ráta vótála: -%
– vótaí
Féach torthaí iomlána
Íoslódáil torthaí - Excel

An Daicheadú Leasú
(Leasú Cúraim)

Athchomhaireamh ar siúl i mBaile Átha Cliath Láir.

Athchomhaireamh iomlán ar siúl

Dé hAoine, 8 Márta 2024

Torthaí Náisiúnta

An nuashonrú is déanaí:
- as- toghcheantair a fuarthas
Tá -%
Níl -%
- votes
Ráta vótála: -%
- vótaí
Féach torthaí iomlána
Íoslódáil torthaí - Excel

Fógra ó Cheann Comhairimh an Reifrinn

Reifrinn in Éirinn

Ní mór d’aon leasú ar Bhunreacht na hÉireann dul chun cinn a dhéanamh mar Bhille ar dtús (is é sin, píosa reachtaíochta) trí Thithe an Oireachtais. Beidh eolas ar fáil faoi dháta an chéad reifrinn eile tar éis a bheidh Ordú Lá na Vótála eisithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Is é dualgas Cheann Chomhairimh an Reifrinn ná reifrinn a stiúradh agus torthaí na reifreann a shocrú agus a dhearbhú. Tá sé seo i gcomhréir le hAcht an Reifrinn, 1994.

Tá tuilleadh eolais ar reifrinn in Éirinn ar fáil ó shuíomh gréasáin An Choimisiúin Toghcháin, an coimisiún toghcháin neamhspléach nua atá bunaithe ag Éireann. Tá faisnéis ar na reifrinn roimhe seo ar fáil ar a suíomh chomh maith.

Cuireann an suíomh gréasáin seo eolas oifigiúil ar fáil faoi reifreann a reáchtáil a luaithe agus atá dáta le haghaidh reifrinn deimhnithe.

Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis an bhfaisnéis seo, ach gan a bheith teoranta dóibh:

  • Ráiteas mar Eolas do Vótálaithe (seo ráiteas foirmiúil, ceaptha ag an Oireachtas, ar ábhar an reifrinn)
  • Páipéar ballóide samplach
  • Socruithe vótála agus na nithe a chaithfidh tú a thabhairt leat go dtí an stáisiún vótála
  • Reachtaíocht lena rialaítear reáchtáil na reifreann in Éirinn
  • Liosta de Chinn Chomhairimh Áitiúla

Ar an lá ar a gcomhairfear vótaí an reifrinn, beidh an méid seo a leanas air:

  • Torthaí beo de réir an dáilcheantair, a tuairiscíodh ón Lárionad Comhairimh
  • Físeán de na torthaí deiridh arna bhfógairt ag Ceann Comhairimh an Reifrinn

Cé atá in ann vótáil ag reifreann in Éirinn?

Tá cead vótála ag gach saoránach d’Éirinn a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, atá 18 mbliana d’aois nó níos sine ar an lá vótaíochta, agus a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta ar chlár na dtoghthóirí.